School: Eachléim (roll number 12373)

Location:
An Eachléim, Co. Mayo
Teacher:
Máire Ní Chróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 46

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 46

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eachléim
  2. XML Page 46
  3. XML “Tais an Droichid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí oifigeach ón Spáin in Éirinn fadó - mac ríogh d'bhí ann. Marbhuigheadh ann é. Bhí go maith. Bhí sé cupla bliadhain curtha, ach bíodh duine le feiceál chuile oidhche ag suibhal suas agus anuas an droicead ar a marbhuigheadh é, agus in éis tamaill tugadh "tais an droicid" air. Chonnaic go leor daoine é go minic ach ní raibh de mhisneach acu labhairt leis. Maith go leor. Bhí beirt fhear - dearbhráthracha a bhí ionnta - in a gcómhnuidhe in aice na h-áite agus budh é an slighe bheatha a bhí acu ag déanú bróg.
    Aon oidhche amháin bhí fear acu ag teacht abhaile ón mbaile mór agus bhí sé go h-an-mhall san oidhche ach nuair a bhi sé ag teacht in aice leis an droichead bhí an tais roimhe ann agus chuir sé ceist air agus d'fiafruigh sé de céard a bhí sé sg déanamh annsoin. "Is maith thú", ars an tais, "d'labhair tú liom agus is iomdha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Maolfabhail
    Gender
    Male
    Age
    56
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Mullach Rua, Co. Mayo