Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 43

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 43

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eachléim
  2. XML Leathanach 43
  3. XML “An Iníon Bhán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a dhéanú di.
    Bhí go maith agus ní raibh tada go dona. Rugadh duine clainne don ingin bháin annsoin, ach sul a rugadh an leanbh di thainic na h-aingle anuas as an bflaitheas gur chuir siad dhá láimh agus dhá chois uirthi arís chomh maith is a bhí ariamh míle buidheachas agus altú do Dhia.
    Chuaidh tamall thart annsoin agus bhí ag éirge leo go breagh ach aon lá amháin dubhairt an fear lei go raibh sean-bhean ar an mbaile agus go raibh sí go dona agus go mbeadh siad náirighthe muna ngeobhadh sí ag faire uirthi. "Caithfimíd", ar seisean "dul cun an tighe sin indiú go bhfeicimíd cé chaoi bhfuil sí". Bhí a fhios aice anois go maith cé hí féin ach níor leig sí uirthi fhéin tada. "Ní racamuid an bealach sin indiú", ar sise, mar tá an páiste ró óg le na thógáil amach.
    Seachtmhain in a dhiaidh sin fuair siad faoi réir agus thug siad leo an páiste chun an tighe seo in a raibh an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0706: The Maiden Without Hands
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Maolfabhail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Mullach Rua, Co. Mhaigh Eo