Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eachléim
- XML Leathanach 42
- XML “An Iníon Bhán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí siad ag imtheacht agus ag síor imtheacht go raibh sé in a trathnóna. Dubhairt an inghean leis go raibh sé sáthach fada agus dubhairt an t-athair go ngeobhadh siad sgáthamh eile. Chuaidh siad isteach san gcoill annsoin agus ní dhearna sé ach an dá chois agus an dá láimh a bhaint dí agus í a cheangal don chrann. "Iarraimse mar impidhe", ar sise, "an bhean atá cionntach leis seo go bhfásaidh crann aníos tríd a cois go ndéanaidh sé sníomh ar chúl a cinn agus nár bhfághaidh sí leigheas ná go mbeiridh duine clainne domsa".
D'imthigh leis abhaile annsoin agus d'fág sé í lei féin. Bhí go maith. Lá ar na bharach bhí fear ag seilgéireacht ins an gcoill agus thainic sé treasna uirthi agus sgaoil sé anuas den chrann í. Bhí sí ar an dé deiridh ach thug sé abhaile leis é. Chuartuigh sé luibh draoidheachta di a chur leigheas uirthi. Annsoin thuit sé i ngrádh lei agus phós sé í.
Bhí go maith agus ní raibh go dona. D'fás crann tré cois na mná agus sháruigh ar na doctúiribh aon mhaitheas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Maolfabhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mullach Rua, Co. Mhaigh Eo