(ar lean ón leathanach roimhe)
uaidh sin amach bhí an cumhmacht céadna aici is a bhí roimh briseadh di. Annsoin thainic na bliadanta 1846-'47 am an Droc saoghail agus bhí muinntir an oileáin i gcruaidh cás. Thainic "Soupers" as Oileán Acla don oileán lá amháin agus bhíodar an lághach ar fad do na daoine, nuair a chuala siad an sgéal bocht do bhí acu gheall siad dóibh a theacht ar ais igceann míosa le min bhuidhe agus éadaigh agus chuile shórt dóibh.
Bhí na h-oileanaigh cainnteach, gcanamhail leo agus nuair a chuir siad ceisteanna ortha faoi an niamhóig theasbáin siad dóibh í agus d'freagar siad a gcuid ceisteanna.
D'thárla go raibh baint ag fhear de na strainséara le paipéar nuaidhcachta agus b'é an chéad rud eile d'tárla go raibh dréacht ar an bpáipéár ar mhuinntir Inse Céide agus a gcuid nósaí páganach. Dubhairt an páipéar go rabhadar ag tabhairt altú do dia bréige agus ag leigheam ortha go rabhadar in a gCatoileachigh an t-am ceadna. Chonnaic an sagart paróiste (An t-Athair mór Ó Raghallaigh) an páipéár agus bhí sé le báinidhe. Bhí am(?) éisteachta an oileáin ag teacht agus chuaidh sé isteach agus é le buile. Thug sé
(ar leanacht ar leathanach 156)
(leanann ar an chéad leathanach eile)