Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Dán an Toir

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 114

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

" Ceist agam ort " arsa Capitín Luinge,
A ghiolla úd ag an t-sliabh atá ghá cheapall ag an Tor. An duine saoghaltach tú na geilt " ? " Ní duine saoghaltach mé na geilt ach anam bocht atá i bpian ". Cá fhad a d'fág tú an saoghal seo na bhfuil tú annsoin ariamh ó soin ? " Fiche bliadhain an Dómhnach seo chuaidh tharainn 'sead sgar an t-anam leis an gcolann cléinn agus agus bhéinn na mílte bliadhain eile ann ach i beag beannacht na mbochtáin ar an t-saoghal. Táim annso ariamh ó shoin, m'aghaidh ar fhearthainn agus ar gaoith a chuisle agus a stór mo croidhe ós tusa atá ar an t-saoghal go fóill tabhair aire mhaith do'n anam agus ná cabhair a thoil féin do'n cholann. Nuair a bhí mise ar an t-saoghal gránda seo ba mhaith liom mo theach is m'árus. Bhí mé ann go h-aoibhin aerach. Níor miste liom sochar a tharraint orm féin ach táim in-dochar dá ioc indiu.
Nuair théighinn go h-aifreann an Dómhnaigh ní ar briathraibh an t-sagairt a bhínn ag cuimhniú ach i gig is a gáirdihe faoí gach óige-fhear agus Corp Chríost ós mo choinne. Nuair thiginn abhaile aris ba mhíle mheasa liom an mhaoin mhór a bhí ar mo dhiaidh sa mbaile,

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Pádhraic Mac Guidhir
Inscne
fireann
Aois
80
Seoladh
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Faisnéiseoir
Éamonn Mac Taidg
Inscne
fireann
Aois
84
Seoladh
Talach, Co. Mhaigh Eo
Faisnéiseoir
Brighid Bean Mhic Thaidg
Inscne
baineann
Seoladh
Talach, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge