" Ceist agam ort " arsa Caiptín luinge, A ghiolla úd ag an t-sliabh atá ghá cheapall ag an Tor. An duine saoghaltach tú na geilt " ? " Ní duine saoghaltach mé na geilt ach anam bocht atá i bpian ". Cá fhad a d'fág tú an saoghal seo na bhfuil tú annsoin ariamh ó soin ? " Fiche bliadhain an Dómhnach seo chuaidh tharainn 'sead sgar an t-anam leis an gcolann cléinn agus bhéinn na mílte bliadhain eile ann ach i beag beannacht na mbochtáin ar an t-saoghal. Táim annso ariamh ó shoin, m'aghaidh ar fhearthainn agus ar gaoith a chuisle agus a stór mo croidhe ós tusa atá ar an t-saoghal go fóill tabhair aire mhaith do'n anam agus ná cabhair a thoil féin do'n cholann. Nuair a bhí mise ar an t-saoghal gránda seo ba mhaith liom mo theach is m'árus. Bhí mé ann go h-aoibhinn aerach. Níor miste liom sochar a tharraint orm féin ach táim in-dochar dá ioc indiu. Nuair théighinn go h-aifreann an Dómhnaigh ní ar briathraibh an t-sagairt a bhínn ag cuimhniú ach i gig is a gáiridhe faoí gach óige-fhear agus Corp Chríost ós mo choinne. Nuair thiginn abhaile aris ba mhíle mheasa liom an mhaoin mhór a bhí ar mo dhiaidh sa mbaile,
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »