School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 156
- XML “Arán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ariamh. Déantaí an bactai ar an dóigh cheudna go minicOidhche Nodlag (24'adh) i dteach m'athar cuirtí sios pota mór fatai. Déantaí cácaí fatai asta agus cé go mbiodh arán cruithneachtan agus arán milis ar an mbord ní bhlaistí aon arán an fhad i's bhíodh an t-arán fataí le fagháil. Bhiodh sé againn corr uair i rith na bliadhna acht ní bhiodh sé chómh fluirseach in am ar bith i's bhíodh sé an uair sin.
Bhíodh cáca mine coirce againn chómh maith mar bhíodh fonn ar mo mhuinntir an oiread chineál aráin a sholáthar le haghaidh na hócáide sin i's a d'fhéadfaidis.
Ní dhéantar an bacstai, an cáca fatai no cineál cáca ar bith acht cáca plúir ghil agus gach uile lá tá daoine ag dul go Caisleán a' Bharraigh le snaidh[n?] ar stéig
Abhan - an soithcheach le haghaidh an cáca a bhruith.
Róistín - Sílim nach bhfuil an gocal greideall annseo
Cuirtear cros ar an gcáca go fóill le sgian.
Síltear go n-éirigheann sé nios fearr.Bróintí: Tá na sean-bhróinte annseo go fóill acht ní dheantar aon úsáid diobh anois.
[Ar] an poll a gcuirtí an grán sios ann. Bhí píosa iarainn san bpollAn chos
[ ]
Na bróintí(continues on next page)