School: Dubhthuama (roll number 14193)

Location:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Mícheál Mac Támhais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 111

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 111

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhthuama
  2. XML Page 111
  3. XML “Féilí na Bliana”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    go dtí teach an phobail ag déanamh turais na gcros. Béidh plód daoine i teach an phobail ó mhaidin go hoidhche.

    Oidhche Shamhna:
    Teidheann buachaillí thart ag tarraint cabaísde agus 'gá briseadh ar na bóithri nó gá bualadh in aghaidh doras na gcómhursan. Bíonn greann ann nuair a leigtear madadh fiochmhar amach in a ndiaidh. Is minic a thuiteanns duine aca isteach i lochán uisge nó i ndíg. Théidheadh na cailíní thart fadó ag tarraint cabaísde go bhfeicfeadh siad cé an cineál céile a gheobhadh siad. An cailín a tarrneóchadh crann cam geobhadh fear a mbeadh cosa cama air srl.
    Théidheadh na buachaillí ó theach go teach - trí theach i ndiaidh a chéile, agus blogam uisge in a mbéal, ag éisteacht ag an doras cúl go bhfeicfeadh siad cé an t-ainm a chluinfeadh siad. Dá gcluineadh sé Maíre, Aíne, Brighid nó aon ainm eile phósfadh sé chailín a mbeadh an t-ainm baistidhe sin uirri.
    Bíonn cnóanna agus ubhlaí ar diol ins na siopaí i gcómhair na h-oidhche sin acht sílim go bhfuil an t-aos óg ró-chrionna anois a bheith ag tumadh i mbáisín nó i dtubán uisge i ndiaidh ubhall nó ag iarraidh breith orra le n-a gcuid fiacal agus na hubhla ar shreangán crochta ar an rópa treasna. Chaitheadh an t-aos óg fadó Oidhche Samna go sultmar ag na cleasanna sin acht tá siad ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Mac Thámhais
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir