School: Dubhthuama (roll number 14193)

Location:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Mícheál Mac Támhais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 094

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 094

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhthuama
  2. XML Page 094
  3. XML “An Ceantar - Ráith”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an cineál talaimh. Ní raibh le ioc leis an cios acht airgead acrai. Ní raibh rátaí le íoc an uair sin.
    Ní raibh aon bhóta Párlaiméide nó Cómhairle ceanntair ag aon duine nach raibh talamh aige a b'fiú £4. Ní raibh aon bhóta an taobh seo de Ghaoth-Sáile acht dhá cheann - ceann ag Pádhraic O Catháin agus ceann eile ag Micheál O Gamhnáin i dTulachán Bán.
    Tá fiche teaghlach ann anois.
    Eilís Eilíne Biongam a bhí mar thighearna talaimh ar Dhubh-Thuama agus Biongamach an Chaisleáin ar an Ráith.
    Ghlan na daoine as Dubh-Thuama agus as Ráith go minic i ngeall ar an droch-shaoghal agus an cios árd.
    Théidheadh na fir isteach treasna an Chúain ag obair ag an mBiongamach an oiread seo lá sa mbliadhain. Gheobhadh siad fatai bruithte agus sgadáin caithte ar an talamh mar bhiadh. Chuireadh an Biongamach muc amach go Dubh-Thuama le ramhradh. Théidheadh sí thart ó dhuine go duine agus mar mbeadh sí ramhar go maith ar deireadh bheadh an duine deireannach a mbiodh sí aige i gcontabhairt.
    Seán Ceartar a bhí mar thighearna talaimh ar Thulachán Bán agus bhí cáil mhaith air.
    Cnoc na Móna
    Tá 26 teaghlach i gcnoc na Móna acht níl aon
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    An Ráith, Co. Mhaigh Eo
    Collector
    Micheál Mac Thámhais
    Gender
    Male
    Informant
    Pádhraig Mac Guibhir
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo