School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 086
- XML “Willie an Gabha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)diabhal chuige aríst agus dubhairt sé leis go raibh sé i n-am aige a bheith teacht, go raibh deich mbliadna caithte. "Maith go leor", ars Willie, fan go réidhtighidh mé mé féin. Thug sé an chathaoir cheudna do'n Diabhal le suidhe uirri acht ní ghlacfadh sé í. Chuir sé a dhruim leis an mballa an fhad i's a bhí 'ga réidhteach féin. Nuair a bhí Willie réidh dubhairt sé leis an Diabhal a bheith teacht acht nuair a chuir seisean a chos amach le siubhal bhí sé greamuighthe do'n bhalla. Thoisigh sé ag sgréachaighil agus dubhairt sé le Willie go dtiubhradh sé cúig bliadna eile dhó agus a shaith airgid dá leigeadh sé abhaile é. Leig Willie an diabhal abhaile, bhí a sháith airgid aige ar feadh cúig mbliadhan eile agus ní dhearnaidh sé aon obair ar feadh an ama sin acht oiread le 'riamh.
Nuair a bhí na cúig bliadna thart thainic an Diabhal agus dubhairt sé go raibh cúig bliadna caithte anois agus go gcaitfeadh Willie a theacht leis an uair seo. Dubhairt sé leis an Diabhal a theacht anios go dtí an teine an fhad i's bheadh sé 'ghá ghléasadh féin acht nior ghlac mo bhuachaill an cuireadh. D'fan sé ag an doras go raibh Willie réidh. Nuair a bhí siad ar an mbóthar ar deireadh ní dheachaidh siad i bhfad gur casadh teach óil orra.(continues on next page)- Informant
- Tomás Ó Muinchille
- Gender
- Male
- Address
- Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo