School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 023
- XML “Báthadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thug an Sagart amach ó'n altóir íad agus dubhairt sé go bhfuigheadh síad a Sáith de'n fhairrge go fóill.
Cúpla bliadhan in a dhiaidh sin bhí Aindí Peadar agus dearbrathair eile nach bhfuil a ainm baistidhe agam ag teacht as Acaill le bád úr. Amach ó Charraig á Ghoib Fhada, timcheall leath-mhíle sios ó'n scoil sep, d'éirigh an tonn agus cuireadh an bád béal Fúithi. Báitheadh Aindí agus an dearbhráthair eile acht choinnigh Peadar greim ar Chíl an Bháid go dtainig na gárdaí le n-a Shábhaíl
Bhí bád luchtuighte le feamuinn ar an gcladach ag duine eile aca tamall in a dhiaidh sin agus e féin ag obair tuairim cuig slata fichead uaithí thuas san ngort. D'éirigh an Tionradh agus tugadh an bád amach. Nuair a chroch sé a cheann chonnaic sé go raibh an bád ar an snámh. Lean sé í, agus lean sé í ariamh, nó go ndeachaidh se isteach i mbaisín agus báitheadh é.
Ní raibh fágtha anois acht Peadar, nó "Peadar Báidhte", mar thugadh na daoine air - an fear a thainig slán ó'n mbáthadh eile. Lá amhain Sgathamh in a dhiaidh seo, chaith sé é fein isteach ins an bhfairrge nuair a bhí sé in a lán-mhara agus bháithidh sé é féin
Báitheadh an ceathrar (ceathair) aca agus Thainig tairingearacht an T-Sagairt isteach fior.- Collector
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Informant
- Brian Ó Gamhnáin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupations
- Feirmeoir
- Iascaire
- Address
- Tulachán Bán, Co. Mhaigh Eo