Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 131
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí sgata fear ag dul anonn go Sasana uair.”
Bhí sgata fear ag dul anonn go Sasana uair. Ar a mbealach chuaidh siad isteach i dteach i Co. aontruim. Bhí bean-'a tighe go dona leis an tinneas fiacal. Dubhairt duine den fearaibh go raibh órtha aige agus dubhairt sé seo."A chailleach a Presbyterian, nár ghéill ariamh do Muire
Nár fhágaibh doigh an fhiachail tú,
No go dteigh tú naoi n-uaire ar mire.- Faisnéiseoir
- Aodh O Deorain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Talach, Co. Mhaigh Eo
(gan teideal)
“An té a chruinneas mé, ní hé a a chaitheas mé.”
An té a chruinneas mé, ní hé a chaitheas mé,
An té a chaitheas mé ní bhéidh mé aige.
Acht is cuma liom cé aige a bheas mé
Níor mheall mé aoinne acht an té nár bhain a thurn asam
(An t-Airgead)Fuair mé an dhá piosa ó Aodh O Deorain (nach maireann anois) (80)
Tallacha, Baile Cruiadh