Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 246
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- PósaidhteSé an t-am atá leagtha amach ag na daoine a pósadh san áit seo na an Inid. Déanann siad cleamhnas ann. Tugann siad airgead agus beithidhigh agus caoirigh mar spré.An fear atá ag dul a pósadh cuireann sé fear muinntearach no fear ar bith eile a mbeadh trust maith aige as go teach mna le buidéal fuisigh ag iarraidh an bhean ar a h-athair. Má tugann an t-athair annsin an bhean dhon fear leigeann siad amach oidhche le teacht ag deanam cleamhnaisTiocfaidh an fear óg annsin agus beirt no triuir leis le h-aghaidh an cleamhnais a dhéanamh agus an margadh a criocnu. Caithfidh athair na mna an oiread seo spré a thabhairt don nighean iléi? mar tá sé bocht nó saidhbhir. Tá an margadh criocnuighte annsin. Bíonn siad ag ráidt amhráin agus ag damhsu. Lár na bháireach gheobhfaidh athair na mna agus fear óg go dtí an sagart agus innseochaidh siad dó go bhfuil an cleamhnas déanta. Déarfaidh an sagart leobhta teacht i cúpla lá agus pósfaidh sé iad. Níl sé ceart bean a dhul ag iarraidh bean don fear.Téigheann an fear óg go dtí an teach faoi an mna nuair atá sé ag dul a pósadh agus bíonn bean pósta leis(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mell Níc Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac Ceamharcaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Talach, Co. Mhaigh Eo