Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tobar Beannuighthe ClagganTá tobar Fintan i gClaggan. Tá sé suidhte in áit íseal bog in gar don fairrge. I gcuinne na reilge atá sé. Tá crainnte in aice leis.Níl aon maitheas áirithe ann agus déantar an staisiún cosamhail le turas Bunmór, acht ní fágtar tada ag an tobar.Deirtear go bhfuil frog san tobar. Má’s ar son duine tinn atá an turas snámhann an frog go barr an uisge má tá leigheas indán dó, acht múna bhfuil feictear sínte marbh ar iochtar an thobair. Níl fhios ag na daoine cén fhaid a bhfuil an tobar annseo nó cén fhaid a bhfuil na turas gá dheanamh.Ta cloch an-mhór a glaoidhtear “An Rocking Stone” air gar don tobar. Deirtear go bhfuil duine atá ar stáid na grásta ábalta an chloc a chorrú le na ladharcaín agus ní féidir le daoine eile e a chorrú chor ar bith.
- Bailitheoir
- Eibhlín Níc Manamon
- Inscne
- Baineann