Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)

Suíomh:
Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 178

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 178

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Droimslaod
  2. XML Leathanach 178
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán

    Tiocfaidh an samhradh agus fásfaidh an féar

    Amhrán
    Tiocfaidh an samhradh agus fásfaidh an féar
    Tiocfaidh an duilleabhar ar barra na gcraobh
    Tiocfaidh mo grád-sa le bánadh an lae
    Agus beidh mé abhaile leis le congnamh De
    2
    Níl mo grádh-sa dubh is níl sé buidhe
    Is fiú é ceangal le h-ór an Riogh
    Tá com caol cailc uirthi agus brúghaidh an mhil
    Níl rósa sa gairdín le grádh mo chroidhe
    3
    Is fogruighim lucht Kilmeeinín Fhear
    Is leat a leig mé mo rún go bráth
    Is dá ndéanfa do geallamhaint mar bhí tú a' rádh
    Bheadh teach mór agam agus feilm breagh.
    4
    Nac deas an sagart thú grádh mo croidhe
    Nios deise ná an pobal a dtréigheann sé tríd
    Tá mol le fághail aige ó óg is ó críon
    Brón é dá athair a rinn brathairín díom.

    Amhrán
    Bean is fice a bhí anuraidh in grádh liom
    Is i lán a tsráid díobh ní chuirfinn suim
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Róise Ní Thachair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Bean Ui Tachair
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    86
    Seoladh
    Baile Chruaich, Co. Mhaigh Eo