Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)

Suíomh:
Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 232

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 232

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Droimslaod
  2. XML Leathanach 232
  3. XML “Lá Fhéile Stiofáin”
  4. XML “Lá Nollag Beag”
  5. XML “Lá Bealtaine”
  6. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá’il Stiopháin
    Insan sean aimsear bhíodh na buachailli i gac baile ag iarraidh aráin, agus ní rachadh siad amach as a baile féin. Bhíodh cliabh ag duine aca leis an arán a chur isteach ann. Nuair a bheadh an baile siubhalta aca racadh siad isteach go teac sa baile agus dhéanfadh bean a’ tighe an té dóibh agus d’iosadh a sáith annsin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Lá Nodlag Beag
    Deir na sean daoine nac mbeadh aon t-adh orra an chuid eile den bliadhain dá dtagadh bean isteach go moc lá Nodlag beag. Agus bhéadh sé níos measa bean ruadh a bheith an chead duine istig.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Sgéal
    Bhí bean ann fadó agus bhí sí in a comhnuidhe i Cnoc a’ Logha an taobh seo de Béal a’ Muirthidh. D’éirigh sí roimh éirigh gréine maidin lae Bealtaine. Dhearc sí uaithe agus chonnaic sí toit as teac i Sratnamonrach i Baile Cruaidh agus thug sí an t-im ón teach sin. An Samhain in a dhiaidh sin chuir sí ar ais trí croca móra ime a bhí tógta aice ón teac Srathnamonrach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peadar O Cléirigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Chruaich, Co. Mhaigh Eo