Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)

Suíomh:
Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Maire, Bean Mhic Suibhne

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Droimslaod | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 226

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Oidhche Mhartain

Bhí fear ann fado agus ní raibh aige acht caora amháin. Thainic oidhche Mhartain agus ní raibh aige acht an chaora le marbhú. Mharbhuigh sé í agus ón lá sin go lá a bháis bhí cúpla cead caora aige.

Oidhche Martain bhí mart ramhar ag Martan. Bhí buachaill agus cailin aige. Fleasg sé agus roinn sé an goir agus thug sé leath don buachaill agus chuir sé faoi béal platai í. Ghoid an cailín an leat eile agus chuir sí faoi béal platai í.

Thionntuigh sí pláta an buachalla agus tháinig bainne muca amac as. Thionntuigh sé pláta an chailín agus thainig luchóg amac as. Sin an fáth a bhfuil lucóga ann.

Oidhche Nodlag

Bíonn coinnle lasta i gac teach oidhche Nodlag agus is é an duine is óga sa teach a lasann é. Ní itheann na daoine a t-suipéar go dtí a 12 oclock san oidhche agus ní cuireann siad na coinnle amac go dtéigheann siad as dóibh féin.