Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 207
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalBhí an tAthair Manus Mac Suibhne i bhfolach ar lota idteach in Acaill lá amháin agus bhí a chóta ag sileadh sios ón lota. Bhí cearca ar an lota ceadna. Tháinig na saighdiuirí isteach ar a lorg agus thosuigh siad ag cur a gcuid sleaganna suas ar an lota. Bhí seanbhean ag sníomh agus thosuigh sí ag amhránaidheacht agus rinn sí an rann sin.Túirili úirilí I can card and spin,
Cock on the roost pull up your wing.Nuair a chuala an sagart sin thóg sé suas a chóta agus choinnigh sé isteach ar an lota.Bhí na saighdiuiri ag dul amac an doras agus chait duine aca urchar suas ar an lota. Sgreag an tseanbhean – “Tá an sagart marbh”. Bhí fhios ag na saigdiuiri annsin go raibh se ar an lota agus fuair siad é.Tugadh go Baile Fhiachain agus crocadh annsin é. - Bhí an tathair Manus Mac Suibhne a crocadh i mBaile Fhiacháin ag imtheacht ar a theiceadh. Bhí fear eile leis ag bhí siad ag dul isteach Tráigh Mhór ag tarraingt ar Innisbiggle. Ar an traigh tirm casadh bradán marbh leobta, agus dubhairt an tAthair Manus leis an fear eile. Seo é an bás. Fuaidh sé go hInnisbiggle agus siar go hAcaill agus ceapadh in Acaill é istig i dteach suar ar lota. Crocadh i Baile Fiacháin é.
- Bailitheoir
- Mell Nic Suibne
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Ceamharcaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82