Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)

Suíomh:
Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 208

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 208

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Droimslaod
  2. XML Leathanach 208
  3. XML “Ciste Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Císte Óir
    Tá pota óir i Dúnatha inaice leis an dumhach i garraidh Tomás Uí Léighneachain. Gheibheadh sé pighneacha óir ann agus é ag romhar an áithridhe (ithir)
    Fado shoin bhí long ag treasna na fairrge agus bhí málaí óir dhá n-iompar aca. Chuaidh an bád síos ag Béal Atha Muirthead agus badhadh na daoine uilig.
    Chuaidh an tór go tóin agus níor bhfeidir é a fhághail acht tá an long le feiceál.
    Uair amháin bhí cailín in a comhnuidhe in Acaill agus bhí a h-athair ag fághail bháis agus dúirt sé leithe go raibh ór curtha taobh thíos den teach.
    “A, ní féidir, ars an gearrchaile, ór a bheith agat mar sin.”
    “Nac raibh ór go leor agam fada shoin, ars a hathair, agus sin cuid de a chuir me annsin agus níor thóg mé é.”
    “Fágh fear anois a thógfas duit é.”
    Níor chreid an gearrchaile é fós agus níor thóg sí an t-airgead. Taréis cúpla oidhche bhí brionglóid aici go raibh ór insan áit a dhubradh léi. Bhí sí ag brionglóid ar feadh trí oidhche gan innseacht agus annsin chart sí an áit agus fuair sí an t-ór. Nuair a bhí sí ag teacht abhaile facthas dí gur labhair cailín lei agus dubhairt sí:-
    “An té nár glacfadh comhairle a hathar agus a dtabharfadh oiread de drocmeas dó gan a chomhairle do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rósa Ní Tachair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál O Braithseach
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    85
    Seoladh
    Bléin na gCaorach, Co. Mhaigh Eo