Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)

Suíomh:
Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 263

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 263

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Droimslaod
  2. XML Leathanach 263
  3. XML “Uaigheanna”
  4. XML “Liosanna”
  5. XML “Liosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá uaigh fathaigh i Cilliúin. Tá sé raidte gur beirt dearbrathair a bhí ann agus gur mharbhuigh duine aca an ceann eile. Tá cupla cloc mór ar an uaigh.
    Tá uaigh fathaigh i gCeagan ins an portach i talamh Tomais Uí Cannon. Tá leach mór leathan ar a bharr agus trí no ceathar cloca beaga faoi.
    Tá ceann in Dunatha i talamh Cáit bean Ui Lenachain ag bun a tighe. Tá trí no ceathar clocha móra ar a bharr agus sgríobadh orra, agus tá ceann eile i Dromslaod i talamh Sean Ui Muirighidh. Tá trí clocha mora ar bharr an uaigh agus sgríobadh orra.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Róise Ní Thachair
    Inscne
    Baineann
  2. Liosanna
    Ta lios i Poll na Cloice i Sraith na mBannrach agus uair amháin bhí fir ag fágáil clocha ag an áit agus chuala siad torann slabhra ann agus tháinig sgannradh orra agus d’imthigh siad abhaile. Níor thóg aon duine cloc as sin o shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Tá lios i talamh Bríghid Ingean Níc Mhanamon i Croc Maolín. Chonnaic a h-athair sin an lios lán le beithidhigh nuair a bhí sé ag tabhairt aire don a ba fhéin. Bhí na ba ag rith thart air agus ag léimniu ar a mullach. Fuair sé bás lá ar na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.