Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)

Suíomh:
Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 233

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 233

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Droimslaod
  2. XML Leathanach 233
  3. XML “An Inid”
  4. XML “Ag Tógáil Ime”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal – Ag Tógáil Ime
    Bhí bean ann fado agus bhí sé ba bhainne aice agus níor bfheidir leithe im a fhághail ó na cuid bainne agus an bhliadhain roimhe sin bhíodh an domhan d’im aici.
    Lá amháin tháinig fear isteac agus d’innis an bhean an sgéal dó. Dubhairt an fear lei an bainne a chur insan gcuinneoig agus annsin dhún an fear féin an doras agus thosuigh siad ag déanamh an maistreadh. Dubhairt sé annsin an chead bhean a thiocfadh go dtí an teach go mbeadh an t-im lei.
    Taréis tamall thainig bean go dtí an doras agus bhuail sí air acht dubhairt an bhean lei fanacht amuig. Greamuigheadh í ar an talamh le biorain agus diarr sí ar Dia í a leigint isteach. Leig bean a’ tighe isteac í ar deireadh agus chuir siad ag déanamh an maistreadh í. Ní raibh siad ábalta an loinithe a tharraingt as an gcuinneóig leis an méid ime a bhí ann. Is dóice go raibh an t-im lei.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.