Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)

Suíomh:
Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 245

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 245

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Droimslaod
  2. XML Leathanach 245
  3. XML “Lá Pósta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá Pósadh
    Nuair a bhíonn beirt ag pósadh bíonn fear agus cailín agus bean pósta leo. Olainn na fir uisge beatha sul a bhfágann siad an teach agus bíonn tuilleadh le n-ól aca nuair a thigeann siad go dtí teach na mná.
    Téigheann an bhean ar carr amháin agus an fear ar carr eile. Cuireann siad fear amach as an teach nó go mbeidh sé an chead duine a casadh leo mar ní adhmhail bean a chasadh leo go mór mór bean ruadh.
    Bíonn an bheirt aca ar an carr amháin ag teacht abhaile dóibh agus nuair a thigeann siad abhaile bíonn fáilte mór rómpa. Bíonn féasta breagh aca annsin. Bíonn ceol agus damhsa aca agus is iad an fear agus an bhean pósta a téigheann amac na cead daoine ar an urlár ag damhsú.
    Annsin tigeann na cleamaire isteach agus bíonn léine geal agus hata cothan a mbíonns gléasta le ribiní daithte ar gac duine aca. Bíonn cailleach agus sean-duine ann agus téigheann siad amac ag damhsa.
    Má iarruigheann aon duine an hata a bhaint dóibh tabhaireann siad buille de mhaide dóibh. Athruigheann siad an cainnt agus an gáire. Gheibheann siad rud le n-ól agus le n-ithe má itheann siad é.
    Maireann an bainis go dtí maidin agus bíonn siad ag damsú agus ag seinm ar feadh na h-aimsire.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. pósadh (~4,283)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Róise Ní Tachair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Tachair
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    86