Scoil: Sruthar (C.)

Suíomh:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Éanacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 204

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 204

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sruthar (C.)
  2. XML Leathanach 204
  3. XML “An Gobán Saor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí iongantas ar an mháighistir nuair a chonnaic sé sin. "Tá obair beag eile agam annseo, agus téigheann sé cruaidh go leór ar chuid againn a dhéanamh, agus ba chóir duit-se féachaint an ndéanfá i". Thaisbeán sé dhó é annsin. Bhí tairnge aige i gclár ar bhárr an tighe i bhfadh suas in áirde, agus thug sé an casúr dó an ghobán agus dubhairt sé leis an tairnge do thiomáint isteach san gclár. Ghlach an gobán an casúr, agus chaith sé suas é, agus bhuail sé an tairnge ar a cheann go díreach gur thiomáin sé isteach san gclár é, agus sin rudh nach bhféadhfadh lé aon fhear aca a dhéanamh acht é féin. Nuair a chonnaichh an máighisthir sin dubhairt sé gur an-fhear ar fad do bhí ann, agus thug sé obair dhó. Lean an gobán dó'n obair, agus ní raibh aon fhear eile le fágáil leath chómh maith leis,agus sé an caoi a raibh sé ins an deireadh go mba é féin an máighisthir. Ní raibh rud ar bith ag bhaint le teach ná le saoirseacht nach raibh sé i ndon a dhéanamh. bhI sé de cháil air annsin nach raibh aon t-saor san domhan chómh maith leis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Mháille
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Maigh Chalgaigh, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Mrs Melia
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    55
    Seoladh
    Maigh Chalgaigh, Co. Mhaigh Eo