School: Sruthar (C.)
- Location:
- Shrule, Co. Mayo
- Teacher: Bríd, Bean Uí Éanacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sruthar (C.)
- XML Page 204
- XML “An Gobán Saor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí iongantas ar an mháighistir nuair a chonnaic sé sin. "Tá obair beag eile agam annseo, agus téigheann sé cruaidh go leór ar chuid againn a dhéanamh, agus ba chóir duit-se féachaint an ndéanfá i". Thaisbeán sé dhó é annsin. Bhí tairnge aige i gclár ar bhárr an tighe i bhfadh suas in áirde, agus thug sé an casúr dó an ghobán agus dubhairt sé leis an tairnge do thiomáint isteach san gclár. Ghlach an gobán an casúr, agus chaith sé suas é, agus bhuail sé an tairnge ar a cheann go díreach gur thiomáin sé isteach san gclár é, agus sin rudh nach bhféadhfadh lé aon fhear aca a dhéanamh acht é féin. Nuair a chonnaichh an máighisthir sin dubhairt sé gur an-fhear ar fad do bhí ann, agus thug sé obair dhó. Lean an gobán dó'n obair, agus ní raibh aon fhear eile le fágáil leath chómh maith leis,agus sé an caoi a raibh sé ins an deireadh go mba é féin an máighisthir. Ní raibh rud ar bith ag bhaint le teach ná le saoirseacht nach raibh sé i ndon a dhéanamh. bhI sé de cháil air annsin nach raibh aon t-saor san domhan chómh maith leis.
- Collector
- Caitlín Ní Mháille
- Gender
- Female
- Address
- Mocollagan, Co. Mayo
- Informant
- Mrs Melia
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 55
- Address
- Mocollagan, Co. Mayo