Scoil: Sruthar (C.)
- Suíomh:
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Éanacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sruthar (C.)
- XML Leathanach 249
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Bhí fear déirce ann uair amháin agus fear mór láidir a bhí ann. Bhi sé ag dul thart ó dhoras go doras ag iarraidh déirce agus lá amháin tháinig sé go teach mór agus bhí cailín aluinn ina comhnuidhe ins an teach lena h-athair. D'iarr an fear air an raibh aon obair aige le déanamh agus dubhairt sé nach raibh. D'iarr fear an tighe air an rachadh sé ag obair dó agus go dtabhairfeadh sé suim airgid dó gach bliadhan ach ní raibh a fhios aige gur fear déirce a bhí ann. Thóg sé isteach an fear agus thosaigh sé ag obair go maith. Nuair a bhí sé ann tamaillín thuit sé i ngrádh leis an gcailín deas agus phos sé í. Bhí sé ina dhuine uasal annsin agus cheapadar a lán de.
Bhi sé ag dul amach an bhóthair ón teach lá amháin ag marcuigheacht ar chapall nuair céard a chonaic sé uaidh acht a athair ag teacht go dti an teach le déirce a fhághail. Dubhairt a athair leis go raibh sé an-tsásta gur pósadh a mhic agus d'iarr an mac air an raibh se ag dul isteach go dtí an teach agus dúbhairt a athair go raibh. Dubhairt a mhac leis gan teacht isteach mar go bhfuigheadh siad amach gurbh é féin a mhac, ní bheadh aon aird acu air go deo aris, Dubhairt a athair leis go raibh sé ag dul isteach agus tháinig a mhac anuas ón gcapall agus mharbhuigh se a athair agus chuir se é marbh i measc na nduilleóg. Chuaigh sé isteach go dtí ......(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Chearbhaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Martin Carroll
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo