Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tud an ógéil deo ab
126
leath-last-all
"Amadán Mór an Chuasáin - ar lean.
maith. Níor leig sé aon bhó isteach ann an lá san
thug sé iad go léir abhaile gan aon cheann i n-easnamh
ortha. Bhí an máighistir ana bhuidheach de i dtaobh
a fheabhas aodhair sé iad an lá san agus do thug sé
a shuipéar do.
Ar maidin amáireach do chomáin Seán leis na ba
agus do lean an máightstir é. "Anois" arsan
máighistir a tá cúirt an ríogh annso shíos lem' ais.
Tá fíos cúrtha aige orm agus caithfidh mó dus chuige
indiu agus ná tabhair aon leath-sgéal dom gan na
ba go léir do bheith agam anocht."
- ná liodh eagla ort" arsa beán.
D’fhág an máighistir annsan é, agus do chomáin Sean
leis fé dhéin na coille; agus ó bhí a phíos aige ná beadh
an máighistir sa bháile an lá san d’osgail sé
béarna i gclaidhe na coille agus do sgaoil sé na ba ge
léir isteach innthe. Is gairidh a bhíodar ann aige nuair
a airigh sé chuige an siot agus a fuaim sa’ phothram
ag úr na coille dá shníom agus an críonnacht dá raobadh
ag dthach mór na dtrí gceann, na dtrí mbeann na
dtrí mhuineal fada reamhra ar am cholainn amháin.(leanann ar an chéad leathanach eile)