Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 438](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0148%2FCBE_0148_438.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 438
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)-bánfaidh mé díbh," arsa bean a’ tíghe, "ca bhfuil an uaig amáireach is tugaidh a’ turas is
beidh sí leighiste." Shiúbhluig sí abaile annso thíos le ’n-a cois go dtí Der Fhinán. Ó, an t-é a chualadh a rádh an scéil sin ach fáin Seán Liath atá thíos sa mháinistir tá caillte is cúrtha le muarán bliadhantaibh.
Bhíodh a’ t-Athair Seán Phaor so a’ dianamh muarán leighis is do tháinig a’ t-Easbog ’á stop agus do stop sé na capaill ar a’ mbóthar ar an Easbog agus ní h-imeóch na capaille dho.
Seadh! dubhairt an t-Easbog leis an Athair Seán Paor na capaill a chuir chun siúbhail. "Ní
foláir, a Thighearna Easbuig," ar seisean, "is mó an power atá agat féin chun iad a chuir chun siúbhail ná agam-sa is ní leogann tú dhom i n-ao’ chor,"
ar seisean. "Seadh! a Sheáin, well chuir na capaille chun
siúbhail," ar seisean. Do bhuail sé slais ar na capaill is d’imíodar. "Seadh! a Sheáin, choimead a’ t-slíghe atá agat," ar seisean, "is fearr do shlíghe ná mo shlíghe-se" ar seisean.