(ar lean ón leathanach roimhe)
heart agus ní raibh aoinne un ach í féin is a h-athar 's a máthair agus bhí an talamh geallta dho. Seadh nuair a bhíodar a’ fághailt críona annsan do chuireadar sciala cleamhnais siar go Pórt Magee chun buachaill a bhí un go raibh airgead aige agus tráthnóna Domhnaigh do tháinig a’ buachaill agus stócach i n-aénacht leis agus do chonnaic Seán Stac iad. Seadh, dheaghaidh Seán trasna an oidhche sin - an Aoine an oidhche sin agus imbasa go raibh na stróinséaraí istig roimis agus ní raibh aon fháilte mhuar roime Sheán an oidhche sin. Seadh, níor dhin sé ach moíll bheag. Ghoibh sé tímpal
a’ bóthar agus bhí Seán Stac amuich ar fad ó thuit an oidhche an oidhche sin a’ faire ar Sheán - ar a bhuachaill. Seadh, is geárr
gur ghoibh Seán buachaill chuige. "Seadh, 'Sheáin a mhic ó." arsa Seán Stac, "bhfuil aon scial anocht agat?" "Dar dia tá mhuise, a Sheáin," ar sisean, "tá cleamhnas annsud anocht"."Tá's
agam-sa go bhfuil a mhic ó 'Sheáin," ar sisean, "agus
cad a dhianfair anois?" "Dianfaidh mé, dianamh
’á iaghmuis is dócha," arsa Seán. "Dá mbeadh aon leath choróin amháin agat," arsa Seán Stac,
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.