Volume: CBÉ 0148

Date
9 Nollaig 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 331

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 331

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    331
    críona anois," fhsé, - cár chodlais aréir," "fsé
    annsan. "Ó, do chodluíos i dteannta driothár
    duit, fé sin, "Ó siné mo dhritháin óg," fé
    sin, "is ba mhaith liom é bheith go maith. "Tá sé
    go maith fhsé. "mar a bhfuil aon tuairisg ag
    ar ndritháir críona air," fhsé, "caithfir tabhairt:
    suas. Tá sé míllte míle ó bhaile," f é. "Dherú
    ní bheinn-se go deó annsan," fhé sin, "beir," f
    Seadh, d’eiríodar ar maidin umanothar
    sé.
    annsan-an lá san-g d’itheadar a mbroffeast
    is chaith sé liathróidh roimis ar a’ mbóthar.
    "lean í sin, f é, "a’s beir un chun do dhínéir."
    "Seadh, do bhí, agus is dócha gur tháinig a’ liathróidh
    abhaile arist. Seadh, d’fháiltig sé sin roimhe
    mhac óg rí Éire is bhíodar ana- chúmpordach i
    dteannta ’chéile. Bhí'os aige gur i dteannta na
    ndriothár a chodail sé. Bhí sé a’ cur a dtuai-
    risgí air. Seadh, ’nis sé dho connus bhíodar.
    d’iarr sé dhe cá raibh a thriall nó-. "Tá’ ghé
    sin, "bidhéal uisce," fé sin, ó Thobar Oileán deire
    an Domhain atá uaim chún go leigheasfadh sé
    cos mh'athar. Tá sí ana-thinn aige." "Tán tú
    cóngarach go maith anois do mhuise," t é sin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0551: The Sons on a Quest for a Wonderful Remedy for their Father
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant