Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 Nollaig 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 143

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 143

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    143
    "Nách siné an t-órdúghadh," fhsí, "gan teacht
    isteach is gan fhreach amuich, ná fuilim idir
    dhá lígh an doruis." "Á is fíor san," fa’
    Thoban, "aisé go maith. Cár ghabhais chúghainn,"
    Do ghabhas anuas," fsí, "an chlaidhe muar agus
    níor thánga anuas de’n chlaidhe go dtánga
    go dtí an táirseach." "Ca bhfuil do chuilleachta
    P sé, "nó cé tá léd’ chois?." "Tá sé annso."
    =Psí, ghlaodhaig sí ar a’ ngadhar gurbh ainm
    do Solan. Ó is fíor dhuis-se sin," fhsé,
    "níleann tú gan chuilleachta faidh a bheidh a’
    gadhar agat?" Seadh ’nois a chailín, fsé, "tar
    isteach." Tháinig a’ cailín isteach is do bhí
    suipéar maith age’n gcailín agus age’n Gabán Saoír
    agus age ’na mhac. 'Sé an rud a bhí ar m’ínntin
    anois a chailín," fsé, "ba mhaith liom bhean
    tíghe ’fhághailt dom’ bhach, agus do bheinn ana-sásta,"
    "Fsé, "dá mbeithfá-sa mar bhean tíghe aige agus
    cuirfidh mé fed’ chómhair é," fsé, "pecú dhian-
    fair é nó ná dianfair, a bpósfá é?."
    "Is me phósfaidh go maith," fha’ cailín, "má
    pósfann sé me." Do thoilig mac a’ Gobán
    "Saoir leis agus do dhineadar, an cleamhnas
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta—tíopaí gaolmhara
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir