Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 Nollaig 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 109

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 109

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a’ Segersunach. "Is cuma dhuit," arsa a Segersunach "lean ort, staic amadáin ó Chinárd é sin."
    "Im’ briathar féin amhuise," arsa a’ mínistir, "gur amadán iarainn é." Do bhuail a’ ministir
    anuas agus ní raibh sé sásta. "As dóigh liom." ars an ministir, "dá mbeinn a’ cainnt annso
    ar feadh bliadna ná fiadfainn muíntir Phróiste an Phriara d’úntáilt." D’imthigh a’ ministir agus n’fheacathas beó ná marbh a bpróiste an Phriara ó shoin é, agus siné mo
    scial-sa agus má tá briag un bíodh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do chómhnuig fear fudó ar a’ Lóthar gurbh ainm do Peaidí Ó Séaghdha agus píobaire a
    b’eadh é. Do tháinig sé go Próiste an Phriara
    é féin agus a bhean agus do chaith sé seal a bPróiste an Phriara. Do bhíodh scoil rínnce aige. Do bhíodh muarán desna buachaillí óga agus na
    cailíní óga a’ taisteal air agus bhíodh sé a’ múineadh an rínnce dhóibh. Do chuaidh sé as san
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir