Mise Mícheál Ó Fiannachtaigh ó’n gCloch Bhuaile 'tá chun scial Fiannaídheachta d’ínnsint díbh
chuala ó Dhonnchadh an Challshaothaig a bhí i n-Éid.....
Ana-scialaídhe a b’eadh Donnchadh le ’n-a línn.
D’innseadh sé muarán scialta Fiannaídheachta dhúinn san oidhche agus ba mhaith chuige é. Bhí sé tuairm trí fichid bliadhain d’aos so agus bhíos-sa cheathair diag nó chúig diag a bhliadhnaibh. Seo scial do ’nis sé dhùinn go h-áirith san am san: Bhí feirmeóir gustalach ann fudó. Bhí sé pósta agus bhí aon inghean amháin aige, nuair a buail galár a’ bháis a bhean
D’aithn a’ bhean errthi féin ná raibh sí chun mairiúint, agus ar sise le ’n-a fear ná raibh sí 'a
stop ar phósadh, "ach seo fáinne dhuit," ar sise, "agus ná
pós aon bhean ach bean go mbeidh a’ fáinne oiliúnach di". Do chuir sé an fáinne i gcímead
chuige isteach go bosca bhí aige agus ní raibh aon
chuímhneamh ar phósadh aige i rith na h-aimsire chun go raibh an inghean suas sé diag nó seacht diag de bhliadhnaibh d’aos. Lá dá raibh sé chun
1) Ar a'dtaobh theas don Chumán Theas. Tá an dá Chumán (C.Theas agus C. Thuaigh) ar a'dtaobh theas do Chill A'Ghoirtín, timpal 6 mhíle ón Gluaiteán