Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)

Suíomh:
Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo
Múinteoir:
Liam Seóighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0090D, Leathanach 05_019

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0090D, Leathanach 05_019

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg
  2. XML Leathanach 05_019
  3. XML “Lucht Siúil”
  4. XML “Ráthanna agus Liosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ghá rádh acu. Acht nuair a d'éirigheadar ar maidin fuair siad amach gur ag tabhairt coirce do'n asal a bhíodar mar chonnaiceadar an tuighe.
    6) Thagadh fear siubhal ag iarraidh déirce ins an baile seo timcheall fiche blian ó shoin. Bhíodh sé ag cainnt an-ghalánta agus dá dhéanfadh aoinne gáire faoi déarfadh sé go mba cheart dó bheith i dteach na ngealt.
    Fuair mé uimhir 1,2,3, 5, agus 6 óma mháthair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá cúpla liosanna ins an áit seo. Tá cuid acu cruinn agus cuid eile cearnógach. Ta ceann amháin faoi carraig mhór agus cuma cruinn atá air. Deirtear dá n-éiróchadh duine roimh éirighe na gréíne lá Bealtaine go bhfeicfeadh sé na sidheóga ag rinnce thart air agus go bhfeicfeadh sé deatach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.