Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- Cappaboy More, Co. Cork
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dhéin an amhailt dubh ortha agus nuair a bhí sé ina gcómangar gríosaig Oisín an madra Aill chun chun cath do thabhairt. Cóimh luath agus thuirling an t-éan tug Aill fé. Níor chaith go dtí an chath do bhí acu. Sheasúigheadar araon an fód go dían diachrach ar feadh dhá uair an chluig. Is é a fhaid ar a ghiorracht go bhfuair Aill an lá. Mairbh sé an t-éan nó an lon dubh.Ach chóimh luath is bhí an t-éan mairbh, d'imthig Aill ar an buille. Súid i dtreó Oisín agus an ghiománaig é chun an bheirt do shlogadh. D'innis an giománach d'Oisín coinnig mar bhí. Teasbáin carraig cloiche dom arsa Oisím a chaithfead leis.Buail an giománach lámh Oisín ar charraig mór cloiche a bhí in a gcómhangar. Rug Oisín uirthi agus d'árduig go neamh-spládhach cé go raibh sí an-mhór an-throm. Chaith sé leis an madra í agus mhairbh é.Ón lá san go dtí an lá indúibh tá an charraig le feiscint i lár páirce in Inse na gCeann mar ar staith Aill an ceann de na h-éin, bhí na trí rudaí ag Oisín anois agus ghaibh sé an gheall.
- Bailitheoir
- Seán O Macháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Kealkill, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Marcella Ní Mhuirthille
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)