School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)

Location:
Ballyhearny West, Co. Kerry
Teacher:
Partolan Ó Gríbhthín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 072

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 072

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Page 072
  3. XML “An Gála Mór”
  4. XML “Ór i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Nuair a bhí na riobáilíthe marra ag teacht go Cuan Dairbhre bhí fear in a comhnaidhe i Gleann-Liaim, agus bhí cailín aimsire aige. Maidin amháin bhí sí ag crúd na mbó nuair a chonnaic sí long ag teacht an cuan isteach agus thánaig bád beag ó an long isteach go Tráig Bán. Do chuaidh an chailín i bfolach. Nuair do thánaig an bád i dtír do thánaig dtriúir nú ceatharar d'fearaibh amach as agus bosca mór iarainn aca.
    Do chuadar suas thaobh an chnuic agus an bosca aca (ní raibh aon caoillte i Gleannliam an uair sin) Níor stadadar go dtí gur thánadar go carraig mór agus innaice le sin do chuireadar an bosca. Nuair a bhí an méid sin déanta aca do chuadar tharnais go dtí an long aríst agus amach chun fairrge leó.
    Bhí an cailín ag féachaint ar an obair go léir agus nuair a bhíodar san imthighte do chuaidh sí go dtí an carraig agus do thosnuigh sí ag baint an cré len a lámhaibh do thánaig sí go dtí an bosca agus do osgail sí é
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.