Scoil: Imleach Droighneach (uimhir rolla 14085)

Suíomh:
Imleach Draighneach, Co. Kerry
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 341

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 341

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Imleach Droighneach
  2. XML Leathanach 341
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí fear na chómhnuidhe i Lóthar fadó agus ní thabharfadh sé aon géile do aoinne a bheadh ag cainnt mar gheall ar phúcaí...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    (-)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Bhí cailín óg ann uair. Ní raibh sí in aice aon trágha ná fairrge ríam.

    Bhí cailín óg ann uair. Ní raibh sí inaice aon trághaa ná fairrge ríamh. Bhí sí go maith as go h-áraigthe. Bhí cúigear dríothar aice ach ní raibh aon driofúr eile aice. Phós sí fear taobh thall den Ghoilín na Catharach. De mhuinntear Griíobhta do beadh í féin. Lá amháin chuir máthair a chéíle ag baint báirneach í agus dubhairt sí léi dul ar a leitéid seo de charraig ach ní raibh aon eólas aice conus a bheadh an taoidhe ag teacht.
    Nuair a chasann an taoidhe ar líonad tagann sí ar buile in áiteanna áirighthe tá fhios agut. Tháinig tonn mhór uathbhásach agus sgiob sé leis í agus bádadh í mar ní raibh aoinne ann a shábháladh í. Bíothas á lorg annsan agus fuaratas báidhte í. Cuireadh sgéul annsan ag tríal ar a muinntir agus thánaghdar go brónach. Seo mar a dubhairt a máthair
    "Nelie bhán chuir i mbád mo chéud searc"
    agus seo mar a dubhaírt" na dríotharaca:
    "A Nell Ní Gríobhtha mo mhíle léan tú. Tá do ceathrar dríothar ag gol na n-aonar agus an banartla thall go brat ideagmuis"

    Sgéulaidhe: Siobhán Ní Shiodhacháin, Ceann-Eich, Átha-Tiobhraidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    D. Ó Síodhacháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceann Eich, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Siobhán Uí Siodhacháin
    Inscne
    Baineann