Scoil: Imleach Droighneach (uimhir rolla 14085)
- Suíomh:
- Imleach Draighneach, Co. Kerry
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Imleach Droighneach
- XML Leathanach 272
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí Tiagharna Talamhan in Éirinn sa tseana aimsir agus dall do bead é.”
(ar lean ón leathanach roimhe)don preacháinín. Bheir sí an cás isteach na seomra féin. Chaith sé dhe féin braitín a bhí air agus dhein fear breágh dhe agus chuaid sé a chodlad mar a raghadh aoinne. Maidean amaireach dhein preacháinín de mar ar slígh gceúdna agus isteach leis na chás arís. Bhí ionghnad an domain ar an mnaoi óig nuair a connaic sé cad a bhí aige dá deanamh. Istoidhche amáireach arís dein sé an cleas ceudna. An tríomhadh oidhche dubairt sí leis an cailín an bpárlús a thógaint agus é chaitheamh sa teine. Bhí an brat ag cnagarnaig sa teine agus é ag dóghad. Cualaidh sé é. "Faire, faire" dubairt sé lea na mhnaoi, "creachais me. Bhí draoideacht orm agus ní raibh agam ach an oidhche anocht chun é chuir díom, caithfid imteacht chun na fairrge seacht mbliadhna arís sar a bheidh an draoideacht imtighthe dhíom." "Téigneamh ort agus taisbeanfad cuirt mo athair duit agus théir id sheirbeiseach ann."" Thug sé fáinne dhi. "Cuir air do mhear é sin is ná scar leis." Chuaidh sí go cúirt a athar. Hiapáladh na seirbeiseach ann í. Nuair a imthig sé sin cun na fairrge dubairt sé go gcuirfheadh sé cómarthaí ar an bfairrge nuair a bheadh a thearma amuig ins an áit sin dáirighthe. Bhí na seacht rathanna ag teacht ar na haon níd go gcuirfeadh sé a lámh ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Suilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Fearann na hAbhann, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Seán O Suilliobháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 70
- Seoladh
- Fearann na hAbhann, Co. Kerry