School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 230

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 230

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 230
  3. XML “Tórraimh agus Sochraidí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    deireannaighe a curtar ann. Acht nuair a thagann duine eile isteach ann, go dtógann sé suas an obair agus mar sin de. Tá na nósanna so ann fós, acht amháin ná fuil na mná caointe le fághail. Tá mórán sgéalta ag na sean daoine i dtaobh sochraidí a chídís ag gabháil tré cnuic agus carraigeacha ag na púcaí. Deirtear gur tógadh corp a cuireadh i nGleann Beithe, agus gur cuireadh i dteampall na Dromaide é i rith na h-oidhche. Do chonnaic fear ó litir le h-ais Cathair Saidhbhín, sochraid ag gabháil tré chnoc agus treasna abha Íne agus as súd go paróiste Chathair Dhomhnaill. Do deineadh mairtíneach de'n fhear úd.
    Tá sgéal eile ann i dtaobh banaltra a bhí ag tabhairt aire do mhnaoi breóidhte i gCathair Saidhbhín. D'fhéach sé amach tríd an bhfuinneóig am éigin san oidhche agus chonnaic sí beirt fhear agus comhra a leigint anuas ar an sráíd taobh amuigh de'n dtigh aca. Bhí sluagh mór mór-timcheall ortha, agus direach agus iad ag leigint an comhra ar an dtalamh do sgread bean san sluagh agus dubhairt sí "A Mhíchíl Uí Shíothcháin ná dein do sgrios." Ní raibh a thuille ann mar nuair d'fhéach an bhanaltra amach airís ní raibh cómhra ná duine le fághail. Do buaileadh caoch í an oidhche céadna, agus do cailleadh an bhean bhreóidhte an lá i-n a dhiaidh sin. Seo píosa amhráin i dtaobh mná gur bfhada leí agus a bhí a fear i-n-a bheatáidh:-
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. death (~1,076)
    Folktales index
    AT0810: The Snares of the Evil One
    Language
    Irish