School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes Stac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ar an gCoad i bparóiste Cathair Dómhnaill tá tobar beannuighthe - Tobar Crócháin Naomhtha. Tá sé suidhte in-aice le roiligh in a bhfuil fothracha de dhá sean-teampall. Do bhí an teampall is seanda díobh san in a seasamh nuair a mhair Cróchán Naomhtha. Tá crann mhór ag fás in-aice leis an dtobar ach tá sé an-aosta anois agus tá morán des na géaga feóchta. Crann bille iseadh é agus deirtear gur fhás sé san áit ar cuireadh Crócán Naomhtha. Fear ditreabhach do beadh Cróchán agus is ag an dtobar seo a bhíodh sé ag paidireóracht. Do codluigheadh sé ar leic cairrge ar an gcnoc ós cionn an tobair agus tá rian a leapthan ar an leic fós. Deintear turusanna mór tímcheall an tobair agus ag Carraig Crócháin leis mar a raibh a áit codalta. Ar lá Fhéile Cróchaín an naomhad lá fichid d'Iúil seadh deintear an turas. Teíghtear tímcheall an tobair naoi n-uaire agus deirtear an Coróinn Mhuire trí h-uaire sé sin na rúin-diamhra go léir. Ansan tógtar deoch uisge ó'n dtobar agus deirtear paidreacha eile ag an dtobar agus gearrtar cómhartha na croise ar leic ar a bhfuil an rian san ó aimsir an naoimh i leith. Fágtar pingní, cnaipí agus rudaí beaga mar sin ag an gcrann agus tógtar píosadh de'n admaid leó. Muna mbeadh aon nídh oireamhnach le fágaint ag duine ann fágadh sé ribe gruaige.Tá tobar beannuighthe leis ag Bearna na Gaoithe agus deirtear gur caith Cróchán Naomhtha chuid dá beathadh ansan leis. Deintear turas ansan leis ar lá Fhéile Crócháin. Deirtear go bhfuil breach beag bán sa tobar seo ach ní gach aoinne a chidheann é. Aoinne go mbíonn galar nó aicíd air agus a chídheann é le linn turais a thabhairt ann, deirtear go leigheasfar é. Tá strapa garbh-clocach(continues on next page)