School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 183

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 183

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 183
  3. XML “Dún Aon Fhir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé an bhrígh atá le Dún Aon Fhir ná an Dún 'ná raibh ann ach aon fhear amháin 'na chómhnaidhe ann. Ach deireann seanachaidhthe eile gurb amhlaidh a bhí fear darab ainm dó Aonir in a cómnaidhe ann. Tá sé suidhte tímcheall ceithere míle ó Cathair Saidhbhín. Faill árd iseadh é tímcheall dá chéad troighthe ar aoirde agus ar bhárr na faille san tá teach mór. Deirtear go mbíodh fear amháin 'na bfollach taobh thíar de'n leach san agus a ghunna ar bhárr na lice aige. Bhíodh sé ag iarraidh cosg do chur leis an t-ionsuidhe mhór a bhí ag teacht isteach i mBágh an Daingin.
    Nuair a bheadh duine ag seasamh ar bárr na faille is féidir leis sléibhte árda Chorcha Dhuibhne d'feiscint go soiléir agus tá carraigeacha loma scaipighthe ar fud Bágh an Daingin. Ar an dtaobh theas deineann na carraigeacha stuagh alluinn ar an dtráigh.

    An Bó Síde
    Bhí gort prátaí curtha i nDún Aon-Fhir uair amháin nuair a bhí na gais ós chionn talmhan. Do thuig an té gur leis iad fé ndeara go raibh na gais iththe tar-éis na h-oidhche. Dúbhairt sé leis féin oidhche amháin go bfanfadh sé ag faire ar an ngort féáchaint cad ba chúis leis an damáiste. I rith na h-oidhche tháinig bó bán amach as an bhfarraige agus isteach sa ghort léi. Do chaith an fear cloch leí ach má dhein dob' olc an bhail air é. D'fan a lámh mar a raibh sí agus ní bhfuair sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Ghóilín
    Gender
    Female
    Address
    Emlagh, Co. Kerry