School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 279

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 279

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 279
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)
  5. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Tá cúig bliadhna is trí ficid imthighthe ó bhí bliain an tsúig ann.

    (continued from previous page)
    aca. Is amhlaidh a dheinidís teinte de smutáin agus de craobhacha. Bhíodh builg de'n tsaghas a chífeá i gceárdchain cois na teine ag gach duine. Ba mhaith an sgéal é dá mbéadh braon íle acu cun na teine d'adú ar maidin, acht ní raibh ná i bhfad na dhiaidh sin. Dá mbéadh an teine in éag ar maidin, is amhlaidh a théigheadh duine de'n líntíghe agus tlú aige cun tig chómharsan, ag iarraidh sméaróid teine. Dá mbéadh teine á dhéanamh nuair a thiocfadh sé isteach ragadh sé ina éagmuis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Bhí fear ann uair agus bhí sé amuigh in am an-mhí-ráthúil den oidhche.

    Bhí fear ann uair agus bhí sé amuigh in am an-mhí-ráthúil de'n oidhche. Nuair a tháínigh sé in giorracht dá bhaile féín, connaic sé na rudaí bána, fe mar a bheadh éádach ar a agaidh amach. Nuair a tháínig sé chómh fada leo, d'ísligh sé síos féácaint cad é mar shaghas iad. Ní raibh ann ach clocha agus nuair a thóg sé a cheann connaice sé a mháthair a bhí sa tsíorraidheachta le fada, agus í in a seasamh ar a agaidh amach. D'fiafruigh sí dhe, cad fé ndear dó bheith amuigh cómh deirineach. Thug sé leathsgéál éígin di agus annsan dúbhairt sí leis gan bheith amuigh chómh déanach go bráh airís. Srois sé dorus an tíghe ba giorra dhó ar slíghe éígin agus ar cómhlainn a bheireadh abhaile é. Thó sé an leabaidh agus níor éírigh sé riamh ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
  3. (no title)

    Ní théigheadh na buachaillí amach san mbrídeáig in aon cór fadó.

    Ní théigheadh na buachaillí amach san mBrídeóig in aon chor fadó. Is amhlaidh a théigheadh na cailíní agus brídeóg bréagh mhór aca. Tor cabáiste a bhíodh mar ceann ar an mbrídeóig. Bhíodh gúna chadaís agus caidhp mná uirthe. Muna bhfagadh muinntir na brídeóige aon nídh i dtig dheinidís díaghbháil eígin ar fuaid an tighe. Ba mhinic go ndúnadh na daoine na doírse 'n-a gcoinnibh. Do réir na sean
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.