School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 231

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 231

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 231
  3. XML “Tórraimh agus Sochraidí”
  4. XML “An Aimsear”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Fuaireasa mo shean duine báidhte i bpoll móna,
    Cos leis briste, agus cos leis leóinte,
    Thugas abhaile é chun é do thórramh,
    Agus d'imthigheas go Corcaigh ag iarraidh gleás tórraimh.
    Píop, tobach, cailc agus cómharann
    Nuair a thánga abhaile leis an ngléas tórraimh
    Cá raibh mo shean-duine acht amuigh ar an mbóthar"
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sin doras amháin ar an saoghal so ná féadfaimíd-ne an glas a chur air ná an glas a bhaint de, nó chun é a rádh i n-a mhalairt de shlighe, rud isead é, má's chóir a rádh, atá fé stiúiriú "Riaghaltas" na bhFlathas. N'fhéadfaimís brath a leathad ar solas na gréine ná "eochair aibhleíse na gealaighe" do chasadh, agus dá mbeimís ag tabhairt ordú do'n ngaoith a chuid cosgán do tharrac, go dtí go mbeadh ár nguthanna ar aon leibhéal le guth an phréacháin, sé an sgéal céadhna a bheadh againn.
    Do réir cainnt na "gceann mbán" ba mheasa fé dhó an aimsear a bhí ann fadó ná aimsear na h-uaire seo. Dar leó is féidir tuilte atá ann anois do dhiúgadh i gcupán. Bhíodar san mar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish