School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 270

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 270

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 270
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí buachaill i mBarra na hÍne i n-oirthear pharóiste an Dromais uair, agus thagadh fear roimhe ar an mbóthar gach oidhche agus é ag teacht abhaile ó thigh na cómharsan.

    Dubhairt sé le n-a athair go bhfiafróchadh sé de'n fhear cad na thaobh go mbíonn sé á thasbáint féin dó roimh aoinne a bhíonn ag cur an bhóthar de.
    Chuaidh an t-athair (bog) cruaidh air gan baint le n- a leithéid do dhéanamh. Bhí sé bog ar chómhairle a athar agus siúd leis fé dhéin an fhir. "Cad na thaobh go mbíonn tú ad'tasbáint féin domh-sa, seacas aoinne eile a bhíonn ag cur an bhóthair de", arsa seisean leis. "Mar ní fheicim aoinne chómh smartála leat ag cur an bhóthair de", arsan fear "agus sé an gnó atá agam díot ná dul isteach go Dairbhre agus seacht is raol do thabhairt do a leithéid d'fhear, agus dá chómhartha san féin, má fhiafruigheann sé dhíot cé thug duit í, abair leis gurb'é an fear é gur ith an bhó sgiorta dá chasóige".
    Fear a b'eadh é seo a bhí 'n-achómhnuidhe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
  2. (no title) (continued)

    Bhí fear ann uair agus fuair a bhean bás, agus bhí aon leanbh amháin aige.

    (continued from previous page)
    leanbh trí sraoth aiste roimh breacadh lae Dardaoin, acht gan aon sraoth dhíobh d'fhreagairt, sé sin gan "Dia linn" " do rádh.
    Ar theacht an lae Dardaoin, chuir an leanbh trí sraoth aiste, acht má chuir, b'olc an díol ar an athair é, mar dhein sé fé mar a dubhairt fear na leigheas leis. Do réir fear na leigheas gheobhadh an leanbh bás acht gan na sraothanna d'fhreagairt agus mhairfeadh an bhó. Nuair a chuir an leanbh an triíomhadh sraoth aiste dubhairt an leas-mháthair "Dia dhuit, a leinbh gan mháthair". Dúbhairt an guth léi annsin."Dia dhuit-se, a bhean ghalánta, agus bíodh an leanbh agus an bhó i dteannadh a chéile agat". B'é máthair an leinbh do labhair.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.