Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cahersiveen, Co. Kerry
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 229

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 229

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 229
  3. XML “Tórraimh agus Sochraidí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    cosaibh an chuirp. De réir na sean daoine is ceart coinneal sa bhreis ar an uimhir cothram do lasadh. Ní ceart ceithre coinnle ná sé coinnle do lasadh, acht cúig nó seacht gcoinnle nó aon uimhir eile ná bheadh ionroinnte ag dó gan fuighleach d'fhágaint. Nuair a cuirtí an corp san gcomharainn tógtar amach é agus cuirtí ar dhá chathaoireacha í, agus ghoileadh gaolta an chuirp agus na mná caointe air. Annsan thagadh ceathrar fear de'n shloinne céadna an duine mhairbh agus d'iomparuighidís leó an cómhra ar feadh breis is leath mhíle ó'n dtigh. Bhíodh na mná caointe in a ndiaidh ag gol go dólásach, mar dheadh. Nuair a cuirtí an chómhra sa trucaill, suidheadh beirt bhan caointe anáirde agus bhídís ag gol ós árd ar feadh na slighe. Nuair a bhídís sin cortha, thagadh beirt eile in-a n-ionad agus an phost céadna aca. Nuair a sroistí an teampall thógadh na fir ceádna an cómhra ar a nguailnibh agus thugaidís turas an teampaill isteach. Annsan cuirtí an comhra isteach in uaigh a mhuinntire, agus dá mbeadh comhra eile istigh roimis, tógtaí ináirde é sin agus cuirtí an cómhra nua thíos fé. Dúntaí suas an uaigh annsan agus siúd fé lán tseól na mná caointe le linn san do dhéanamh. In uaigh a mhuinntire feín a cuirtí gach duine, fé mar deirtear "athrú teampuill, athrú cine." Ní ceart an doras do dhúnadh tar-éis do chorp gabhail amach. Deirtear go mbíonn "aodhaireacht an teampaill" ar an duine is
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. death (~1,076)
    Innéacs seanscéalta
    AT0810: The Snares of the Evil One
    Teanga
    Gaeilge