Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 180

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 180

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 180
  3. XML “An tAmadán Cliste”
  4. XML “Eoghan Rua agus an Sagart”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Teastalaidhe do b’eadh Eoghan Ruadh. Sórt file do b’eadh leis é. Bhí sé ag cur an bóthar de uair. Bhuail sagart leis. Chromadar ag comhrá le chéile. Níor b’fhada gur shroiseadar abha amhór. Ní fheudfadh an sagart an abha a cur de, ach bhí Eoghan cosnochtaighthe, agus chuir sé an sagart ar a dhrom agus ghluais air.
    I lár na h-abhainn dúbhairt Eoghan leis an sagart go ndéanfadh sé a fhaoistin leis. “Ná bac léi anois go mbeidhmíd trasna na h-abhainn” ars’ an sagart. “Ó ní dhéineann mar a bhfuilimíd aon deifrigheacht a athair, nach orm féin a bheidh an duadh, arsa Eoghan.Thosnuigh sé le na- a fhaoistin - peacaí móra d’á raideadh amach aige chomh tuigh le raithnigh. “Ó, tá an diabhal thiar ort,” ars’ an sagart tar éis gníomhartha Eoghain a clos. “Má tá mhaise” arsa Eoghan “ní fada a bheidh”, a’ caitheamh an tsagairt isteach san uisge.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
      2. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Stac
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí