School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 228

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 228

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 228
  3. XML “Tórraimh agus Sochraidí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair a bhí sé ag siubhal tré bóithrín a bhí mar comhgar chun na tíghe do bhuail an fear bacach leis - an fear chéadna a bhí fé clár. Níor labhair an fear leis ná níor bheannaigh sé dhó ach do dhein sé fáinne leis an maide a bhí in a lámh aige 'á taisbeaínt do'n fear gur cheart dó gabháilt tímcheall. Deirtear go raibh fear eile a mair san saoghal fé mar a mhairfeadh an madra, gan creideamh gan eagla Dé nó Muire air. Do chuir an bás litir cuige go h-áirighthe agus go deimhin do caith sé freagairt. Nuair a bhí sé fé clár, agus na cómharsain go léir bailighthe tímcheall air do thuit rud an greannmhar amach. Tímcheall an dá uair déag san oidhche do tháinig fear mór dorcha isteach. Do chainntigh sé an duine marbh, agus d'éirigh an corp aniar, agus bhí an-chainnt aca araon. Do shín sé siar airís, agus bhí an sé chómh marbh agus a bhí sé riamh. Do chuaidh mac an duine mhairbh ag triall ar an sagart leis, an corp do chomeád istigh go dtí an lá amáirigh agus go raghadh sé feín fé'n a dheín anocht. Do thaínig, agus timcheall an ama céadna do tháinig an fear dorcha isteach agus an fuadar céadna fé. Do thosnuigh an sagart ag paidireóireacht agus ag guidhe chun Dé, agus do dhein sé faínne le'n a mhéar idir é féin agus an diabhal agus idir sin agus an corp. Acht b'é deire an sgéil gur sgiob sé leis an corp ar fad, agus dubhairt an sagart "má tá an corp agat, ní bheidh an t-anam agat.
    Deirtí an Coróinn Mhuire i lár na h-oidhche, agus muinnteóir a thosnuigheadh ar de ghnáth. Cuirtí cúig coinnle nó seacht gcoinnle ag lasadh ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. death (~1,076)
    Folktales index
    AT0810: The Snares of the Evil One
    Language
    Irish