School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 225

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 225

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 225
  3. XML “An Bás”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cómhartha iseadh é go dtabharfaidh an bás cuaird ar an dtig. Má bhíonn dhá ceann de bóth-fearthainne istig i mbaile deritear gur cómhartha an-shiúrálta de’n bháis é. Bíonn cómharthaí an bháis roimh gach dream daoinne. Tagann an solas roimh bás muinntir Shíorcháin. Cídhtear an solas sin i dtalamh an duine a bheadh i mbeál an bhais. Cloistear an gol roimh bás mhuinntir Shúilleabháin, agus roimh bás mhuinntir Churráin. Bíonn na chómharthaí ann cúpla lá nó mar sin roimh bás an dune. Cloisear an ceól leis roimh bás dream aírighte.
    Deireann na seanoírí go dtagann a ghaolta féin i gcoinnibh duine agus é ar bhóthar na síoraidheachta. Tagann na leanbhaí óga i gcoinnibh a dtuismightheoírí, aug coinnle ar lasadh aca, do réir na sean daoine. Bhí sagart ann fadó, agus bhíodh sé i gcómhnuidhe ag rádh Aifrinntí d’á athaira bhí marbh. Do thaisbeán an t-athair é féin do uair éigin, agus d’fhiafruigh an sagart de an raibh aon mhaitheas ins na h-Aifrinntí a bhí a rádh aige dó. Dubhairt sé go raibh agus mór-chuid acht go mbfhearr dó an beirt leanbh a chaill sé fadó.
    Nuair a bheadh i ndiaidh báis, deirtear gur cheart do dhuine an deoch, nó fuighleach an dighe a bhí ag an duine breoidhte, do chaitheamh soir, i slighe is go mbeadh micrirí ífrinn á alpadh, agus dá dheascaibh sin caoi a thabhairt do’n anam chun glanadh leis.
    Tá sgéal ann i dtaobh an bháis. Lá éigin do cainntigh an bás fear ar an dtráigh, agus dúbhairt sé go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. death (~1,076)
    Language
    Irish