School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 226

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 226

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 226
  3. XML “An Bás”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhféadfadh sé gach rud a dhéanamh agus b’fhéidir rud a rághadh d’fhear. Do chuir an fear geall leis na raghadh sé iseach i mbuidéal. Dubhairt an bás leis go raghadh sé. Isteach sa mbuideall leis agus chómh luath agus do bhí sé istigh ann do chuir an fear corc ar an mbuideál agus do chaith sé amach ar an bhfarraige é. I gceann seacht mbliadhna in a dhiaidh sin do bhuail an buideál le fear ar an dtráigh, taréis é do theacht isteach leis an dtaoide. Do bhain an fear an corc de’n bhuideíl agus seo amach leis an mbás. Níor chailleadh aoinne an fhaid is a bhí sé sa mbuideál, acht nuair a fuair sé soar é fein do dhein sé sgrios.
    Deirtear gur chailleadh fear i gCarthan, le h-ais Cathair Saidhbhín, fadó. Nuair a bhí an t-uisce chun é do níghe d’eirigh sé aniar ar an leabaidh, agus d’innis sé do ghach duine an radharc a chonaich sé. Do bhuail an sagat leis agus dubhairt sé leis a bheál a dhúnadh agus gan bheith ag nochtadh a sgéil do ghach duine. Lá áirighthe dubhairt sé len-a mhnaoi an tig a ghlanadh suas, go bhfaghadh sé bás amáireach agus do fuair, leis, Seacht mbliadhna a fuair sé ar an saoghal so.
    Bhain a leitheíd sin d’fhear eile, deirtear. Do réir n seana-daoine chaithfidh gach duine gábhailt tré theine na bpian. Nuair a bhí sé seo san dteine seo do tháinigh Aingeal chuige agus d’fhiafruigh sé de’n aingeal an fada a bhfaghadh sé annsan. Dúbhairt an t-aingeal leis go bhfaghadh sé seacht mbliadhna eile ar an saoghal so, ach nárb’ fholáir dó a shaoghal do chaitemh do reir nótaí.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. death (~1,076)
    Language
    Irish