School: Bunaneer (roll number 10242)

Location:
Bunaneer, Co. Kerry
Teacher:
Siobhán Ní Choncubhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 319

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 319

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bunaneer
  2. XML Page 319
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí rí in Éirinn uair. Bhí bainrioghan áluinn aige agus bhí aon inghean amháin aca.
    Buaileadh breoidhte an bainrioghan agus i gceann tamaill cailleadh í. Sar a fuair sí bás chuir sí an rígh fé geasaibh gan pósadh no go mbéadh an féar troig ar aoirde ós cionn a h-uadha.
    Bhí an t-inghean glic acht go h-airighthe agus théigheadh sí amach gach oidhche ag bearradh an fhéir le siosúr . Bhí an fonn pósta ar an rígh acht ní fheadair sé cad a bhí ag coimeád an féir gan fás.
    Ag gabháil amach do oidhche cé cífeadh sé ach an inghean agus í ag bearradh an fhéir. Tháinig fearg air agus dúbhairt sé go bphósfadh sé an chéad bean a chífeadh sé.
    D'imthig sé air agus phós sé seana cailleach agus thug sí abhaile leis í. Ón lá san amach bhí an inghean fé gear crádh ag an gcaillig a's chuir sí fé mionna i gan faic a chífeadh sí dá dhéanamh d'innsint d'aoinne acht do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0706: The Maiden Without Hands
    Language
    Irish
    Informant
    Siobhán Bean Uí Chonchubhair
    Gender
    Female
    Age
    83
    Address
    Dromlusk, Co. Kerry