School: Bunaneer (roll number 10242)

Location:
Bunaneer, Co. Kerry
Teacher:
Siobhán Ní Choncubhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 241

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 241

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bunaneer
  2. XML Page 241
  3. XML “Bia na Seanaimsire”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    íósfhadh síad a ndóithin de lá Nodhlaigh mar deireadh síád muna n-iosfhadh síad a ndóithin an lá sin, ná n-íósfhadh síad a ndóíthin i rith na blíadhna. An lá roimh Áoine an Céasa téigheadh na daoine chun an dtráígh chun bárnach agus príocháin a priochadh i gcóír Áoine an Céasa.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí bean na cómhnuidhe sa ghleann fadó ar thaobh bóthair, sé an ainm a bhí uirthe ná Bean Dubh an Gleanna. Bhí abha ag rith tríd an bhóthair chongharach léi, agus áoine a bhéarfhadh sí ghan bheith ar an dtaóbh eile de'n abhainn marbhuigheadh sí é, agus áoine a bhíodh imthighthe treasna na h-abhann thaghadh sé sáor úaithe mar ní fhéadfhadh sí dul treasna na h-abhann. Bhí fear na chómhnuidhe na h-aice agus chuir sé gheall le fear eile ná mharbhuigheadh sí é féín. Annsan dimthigh se ag marcaidheacht ar chapall. Do bhúail sí leis, annsan do dhein sí amhran bhréagh á mholadh í féín agus is é seo cúpla líne de:-
    "Mná síar deasa, mná fiona geala, mná eile dár bhfiú dhom áireamh dá bhfaghainn-se mo rabhann de mná deasa an domhain isí Bean Dubh an Gleanna do bhféarr liom."
    Do lean sí é agu ní cuimhnigh sí ar é mharbhuigeadh thar a dtáinig se go dtí an abhainn mar do bí sé tóghaithe súas leis an t-amhrán bréagh a dhein sé ag moladh í féín. Núair a bhí sé imthighthe treasna an abhainn do croch sé a lámh léí agus dubhairt sé
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Labhrás Ua Súilleabháin
    Gender
    Male